Bainisteoir Tacaíochta Iarratas (Ceol & Ceoldrámaíocht).
See the full role below and apply on the advertiser's own site.
About this role
Tá deis spreagúil buan, 35 uair an chloig sa tseachtain, againn ag grád an Ardoifigeach Feidhmiúcháin (HEO) mar Bainisteoir Tacaíochta Iarratas (Ceol & Ceoldrámaíocht), ról a thuairiscíonn don Stiúrthóir Taibhealaíon.
Forbhreathnú ar an Roinn agus ar Ról
Cumhdaítear raon leathan ealaíontóirí agus eagraíochtaí, agus lucht féachana fairsing dá réir sin, i bhfreagracht na Comhairle Ealaíon laistigh de réimse na foirme ealaíne/an chleachtais ealaíon. Mar an maoinitheoir is mó do réimse na foirme ealaíne/an chleachtais ealaíon go náisiúnta, tá freagracht ríthábhachtach ar an gComhairle Ealaíon le cinntiú go ndéanfar é a fhorbairt agus go n-infheisteofar maoiniú go ciallmhar agus go ndéanfar monatóireacht ar an infheistíocht sin.
Is deis spreagúil atá le fáil sa phost seo le rannchuidiú i mbainistíocht ceann amháin d’Fhoirne Ealaíon na Comhairle. Tháinig an post seo chun cinn mar gheall ar shocruithe oibre a athraíodh. Teastaíonn daoine breise atá oilte agus eolach chun tacú leis an bhfoireann mar méadaíodh tacaíochtaí forbartha, scéimeanna maoinithe agus buiséid na Comhairle Ealaíon. Tá an fhoireann freagrach as ceapadh beartais, tionscnaimh forbartha, bainisteoireacht maoinithe agus comhghaoil.
Ag oibriú go dlúth le Ceann buan na Foirne, déanfaidh an Bainisteoir Tacaíochta Iarratas líon sonraithe measúnuithe maoinithe agus deontais a bhainistiú, lena n-áirítear bainisteoireacht theoranta comhghaoil sa réimse ealaíne/cleachtais; an fhoireann Ealaíon a spreagadh agus comhoibriú leo; séala a chur le roinnt íocaíochtaí dámhachtana agus maoirseacht a dhéanamh ar na híocaíochtaí sin.
Spriocdháta agus am dúnta
Is é an spriocdháta a ghlacfar le hiarratais ná 12 meán lae, Dé Luain, an 21 Meán Fómhair 2026.
Tuilleadh eolais
Próifíl an Róil
Leabhrán Faisnéise d’Iarrthóirí
Tá an Chomhairle Ealaíon tiomanta do bheartas comhdheiseanna agus spreagaimid iarratais ó gach cuid den phobal faoi na deich bhforas uile a leagtar amach inár mBeartas um Comhionannas, Cearta an Duine agus Éagsúlacht (chun tuilleadh faisnéise a fháil, gabh chuig: Comhionannas, Éagsúlacht agus Ionchuimsitheacht | The Arts Council | An Chomhairle Ealaíon
Déan iarratas