Advertised by The Arts Council

Bainisteoir Tacaíochta na nEalaíon Rannpháirteacha.

See the full role below and apply on the advertiser's own site.

About this role

Tá deis spreagúil buan, 35 uair an chloig sa tseachtain, againn ag grád an Ardoifigeach Feidhmiúcháin (HEO) mar Bainisteoir Tacaíochta na nEalaíon Rannpháirteacha, ról a thuairiscíonn don Stiúrthóir Ealaíon Comhcheangailte.

Forbhreathnú ar an Roinn agus ar Ról

Tugann an ról seo deis spreagúil rannchuidiú le ceann d’Fhoirne Ealaíon na Comhairle Ealaíon (nEalaíon Rannpháirteacha) a bhainistiú. Tháinig an post seo chun cinn mar gheall ar shocruithe oibre a athraíodh. Teastaíonn daoine breise atá oilte agus eolach chun tacú leis an bhfoireann mar méadaíodh tacaíochtaí forbartha, scéimeanna maoinithe agus buiséid na Comhairle Ealaíon. Tá an fhoireann freagrach as ceapadh beartais, tionscnaimh forbartha, bainisteoireacht maoinithe agus comhghaoil.

Ag obair go dlúth le Ceann na Foirne, beidh an Bainisteoir Tacaíochta freagrach as líon sonraithe measúnuithe maoinithe agus deontais a bhainistiú, lena n-áirítear bainistiú teoranta caidrimh sa réimse ealaíne nó cleachtais; as foireann na nEalaíon a spreagadh agus comhoibriú leo; agus as líon áirithe íocaíochtaí dámhachtana a fhormheas agus maoirseacht a dhéanamh orthu.

Beidh sealbhóir an phoist seo ag tuairisciú do Stiúrthóir na nEalaíon Comhcheangailte agus ag obair i gcomhpháirt leis an gCeann Foirne, atá freagrach as an bplean foirne, an fhoireann agus baill foirne eile a bhainistiú agus tionscadail shonracha thras-eagraíochtúla á gcur chun feidhme, chun cuspóirí straitéis deich mbliana MGAW – Saothar Ealaíne Iontach a Tháirgeadh – a bhaint amach.

Spriocdháta agus am dúnta

Is é an spriocdháta a ghlacfar le hiarratais ná 12 meán lae, Dé Luain, an 5 Deireadh Fómhair 2026.

Tuilleadh eolais

Próifíl an Róil

Leabhrán Faisnéise d’Iarrthóirí

Tá an Chomhairle Ealaíon tiomanta do bheartas comhdheiseanna agus spreagaimid iarratais ó gach cuid den phobal faoi na deich bhforas uile a leagtar amach inár mBeartas um Comhionannas, Cearta an Duine agus Éagsúlacht (chun tuilleadh faisnéise a fháil, gabh chuig: Comhionannas, Éagsúlacht agus Ionchuimsitheacht | The Arts Council | An Chomhairle Ealaíon

Déan iarratas

Important

A role read from the employer's own careers board is advertised by that employer, so an application goes to them directly and not through IrishTalents or a recruitment agency. The wording is the employer's own. It is not proof of sponsorship, role eligibility, or a hiring decision.
One more noteThis is general information, not legal or immigration advice. IrishTalents is not affiliated with the Irish government.