Advertised by The Arts Council

Bainisteoir Comhionannais, Éagsúlachta agus Ionchuimsitheachta (CÉI).

See the full role below and apply on the advertiser's own site.

About this role

Tá deis spreagúil buan, 35 uair an chloig sa tseachtain, againn ag grád an Ardoifigeach Feidhmiúcháin (HEO) mar Bainisteoir Comhionannais, Éagsúlachta agus Ionchuimsitheachta (CÉI), ról a thuairiscíonn don Stiúrthóir um Fhorbairt Straitéiseach.

Forbhreathnú ar an Roinn agus ar Ról

Stiúrann an Roinn Forbartha Straitéisí sa Chomhairle Ealaíon an eagraíocht maidir lenár straitéis chorparáideach a fhorbairt, a chur i bhfeidhm agus a mheas, agus tá an Roinn freagrach as athruithe agus cláir a bhainistiú san eagraíocht tríd an oifig bainistithe tionscadail (PMO).

Déanann an Chomhairle Ealaíon, i ngach rud a dhéanann sí, iarracht chun meas agus tacaíocht a thabhairt do gach guth agus cultúr atá in Éirinn an lae inniu, as gach cuid den tsochaí, ó phobail reatha agus nua, agus ó gach cúlra sóisialta, eitneacht agus traidisiún agus a chinntiú go gcuimsítear agus go n-áirítear na guthanna agus na cultúir sin. Creideann an Chomhairle Ealaíon go bhfuil an ceart céanna ag gach duine in Éirinn dul i ngleic leis na healaíona agus páirt a ghlacadh iontu, beag beann ar aois, stádas sibhialta nó teaghlaigh, míchumas, inscne, ballraíocht de phobal an Lucht Siúil, cine, reiligiún, gnéaschlaonadh, nó stádas socheacnamaíoch.

Foilsíodh Beartas um Chomhionannas, Cearta an Duine agus Éagsúlacht na Comhairle Ealaíon in 2019. Cuirtear an beartas ar fáil trí Phlean Forfheidhmithe CÉI na Comhairle Ealaíon. Leagtar amach sa Phlean Forfheidhmithe 2023–2028 príomhghníomhaíochtaí agus bealach oibre a leabaíonn prionsabail agus cuspóirí CÉI ar fud na Comhairle Ealaíon agus na hearnála ealaíon.

Beidh an Bainisteoir Comhionannais, Éagsúlachta agus Ionchuimsitheachta (CÉI) i gceannas ar sheachadadh Phlean Forfheidhmithe CÉI na Comhairle Ealaíon agus cuirfidh siad ceannaireacht, saineolas agus treoir réamhghníomhach ar fáil do ghníomhaíocht CÉI chun earnáil na n-ealaíon a athrú ó bhonn.

Spriocdháta agus am dúnta

Is é an spriocdháta a ghlacfar le hiarratais ná 12 meán lae, Dé Luain, an 26 Deireadh Fómhair 2026.

Tuilleadh eolais

Próifíl an Róil

Leabhrán Faisnéise d’Iarrthóirí

Tá an Chomhairle Ealaíon tiomanta do bheartas comhdheiseanna agus spreagaimid iarratais ó gach cuid den phobal faoi na deich bhforas uile a leagtar amach inár mBeartas um Comhionannas, Cearta an Duine agus Éagsúlacht (chun tuilleadh faisnéise a fháil, gabh chuig: Comhionannas, Éagsúlacht agus Ionchuimsitheacht | The Arts Council | An Chomhairle Ealaíon

Déan iarratas

Important

A role read from the employer's own careers board is advertised by that employer, so an application goes to them directly and not through IrishTalents or a recruitment agency. The wording is the employer's own. It is not proof of sponsorship, role eligibility, or a hiring decision.
One more noteThis is general information, not legal or immigration advice. IrishTalents is not affiliated with the Irish government.