Bainisteoir Cumarsáide – Preas.
See the full role below and apply on the advertiser's own site.
About this role
Tá deis spreagúil buan, 35 uair an chloig sa tseachtain, againn ag grád an Ardoifigeach Feidhmiúcháin (HEO) mar Bainisteoir Cumarsáide – Preas, ról a thuairiscíonn don Stiúrthóir Cumarsáide.
Forbhreathnú ar an Roinn agus ar Ról
Is í an Chomhairle Ealaíon an ghníomhaireacht rialtais náisiúnta atá freagrach as na healaíona in Éirinn a mhaoiniú, a fhorbairt agus a chur chun cinn. Is é an ról atá aici ná ionadaíocht a dhéanamh, infheistíocht a dhéanamh, agus obair i gcomhpháirt le heagraíochtaí eile, le timpeallacht ealaíon spleodrach a chruthú i gcroílár shochaí na hÉireann.
Tá an Chomhairle Ealaíon ag féachaint le Bainisteoir Cumarsáide – Preas a earcú ag a bhfuil ardspreagadh agus taithí. Tabharfar an deis don iarratasóir rathúil bheith mar chuid d’eagraíocht atá gnóthach, faoi spreagadh a misin ag a bhfuil foireann dhinimiciúil ardspreagtha.
Spriocdháta agus am dúnta
Is é an spriocdháta a ghlacfar le hiarratais ná 12 meán lae, Déardaoin, an 19 Samhain 2026.
Tuilleadh eolais
Próifíl an Róil
Leabhrán Faisnéise d’Iarrthóirí
Tá an Chomhairle Ealaíon tiomanta do bheartas comhdheiseanna agus spreagaimid iarratais ó gach cuid den phobal faoi na deich bhforas uile a leagtar amach inár mBeartas um Comhionannas, Cearta an Duine agus Éagsúlacht (chun tuilleadh faisnéise a fháil, gabh chuig: Comhionannas, Éagsúlacht agus Ionchuimsitheacht | The Arts Council | An Chomhairle Ealaíon
Déan iarratas
Similar roles
Bainisteoir Comhionannais, Éagsúlachta agus Ionchuimsitheachta (CÉI)
Advertised by The Arts Council
View roleGeneral Manager HR Operations (Bainisteoir Ginearálta)
Advertised by HSE CHO Dublin North City And County
- Location
- Dublin, UNAVAILABLE
- Employment type
- Full time
View role