Advertised by The Arts Council

Bainisteoir Tacaíochta na nAmharc-ealaíon.

See the full role below and apply on the advertiser's own site.

About this role

Tá dhá dheis spreagúla bhuana, 35 uair an chloig sa tseachtain, againn ag grád an Ardoifigeach Feidhmiúcháin (HEO) mar Bainisteoir Tacaíochta na nAmharc-ealaíon, róIl a thuairiscíonn don Stiúrthóir na nEalaíon Cruthaitheach.

Forbhreathnú ar an Roinn agus ar Ról

Is í an Chomhairle Ealaíon an maoinitheoir náisiúnta is mó do na hamharc-ealaíona agus cothaíonn sí an éiceolaíocht ina hiomláine trí thacú le líonra éagsúil ealaíontóirí, eagraíochtaí agus, dá réir sin, lucht féachana. Tá freagracht ríthábhachtach ag gabháil leis an ról seo as tacú le forbairt an éiceachórais amharc-ealaíon, agus as a chinntiú go ndéantar maoiniú poiblí a infheistiú go straitéiseach, a mhonatóiriú agus a bharrfheabhsú.

Is deis spreagúil atá le fáil sa phost seo le rannchuidiú le bainistíocht na Foirne Amharc-Ealaíon. Tá an fhoireann freagrach as ceapadh beartais, tionscnaimh forbartha, bainisteoireacht maoinithe agus comhghaoil. Eascraíonn an ról as socruithe oibre atá ag athrú; de réir mar atá méadú tagtha ar thacaíochtaí forbartha, ar scéimeanna maoinithe agus ar bhuiséid na Comhairle Ealaíon, tá gá le daoine breise oilte, saineolacha chun obair na foirne a dhéanamh agus tacú léi.

Ag obair go dlúth le Ceann buan na nAmharc-Ealaíon, beidh an Bainisteoir Tacaíochta sna hAmharc-Ealaíona freagrach as líon sonrach clár maoinithe a bhainistiú, lena n-áirítear bainistiú teoranta caidrimh sa réimse seo agus maoirseacht ar íocaíochtaí dámhachtana agus faomhadh na n-íocaíochtaí sin; as tacú le príomhthionscnaimh forbartha nó iad a stiúradh; agus as foireann na nEalaíon a spreagadh agus comhoibriú léi.

Beidh sealbhóir an phoist seo ag tuairisciú do Stiúrthóir na nEalaíon Cruthaitheach agus ag obair i gcomhpháirt le Ceann na nAmharc-Ealaíon maidir le réimse iomlán fhreagrachtaí an róil sin, lena n-áirítear an fhoireann agus baill foirne eile na Comhairle Ealaíon a bhainistiú agus iad ag cur tionscadail shonracha thras-eagraíochtúla chun feidhme, chun cuspóirí straitéis deich mbliana MGAW – Saothar Ealaíne Iontach a Tháirgeadh – agus beartas agus straitéis amach anseo a bhaint amach.

Spriocdháta agus am dúnta

Is é an spriocdháta a ghlacfar le hiarratais ná 12 meán lae, Dé Luain, an 19 Deireadh Fómhair 2026.

Tuilleadh eolais

Próifíl an Róil

Leabhrán Faisnéise d’Iarrthóirí

Tá an Chomhairle Ealaíon tiomanta do bheartas comhdheiseanna agus spreagaimid iarratais ó gach cuid den phobal faoi na deich bhforas uile a leagtar amach inár mBeartas um Comhionannas, Cearta an Duine agus Éagsúlacht (chun tuilleadh faisnéise a fháil, gabh chuig: Comhionannas, Éagsúlacht agus Ionchuimsitheacht | The Arts Council | An Chomhairle Ealaíon

Déan iarratas

Important

A role read from the employer's own careers board is advertised by that employer, so an application goes to them directly and not through IrishTalents or a recruitment agency. The wording is the employer's own. It is not proof of sponsorship, role eligibility, or a hiring decision.
One more noteThis is general information, not legal or immigration advice. IrishTalents is not affiliated with the Irish government.